Deiseanna Fostaíochta
Múinteoireacht ar an dara nó ar an tríú leibhéal; aistritheoireacht; iriseoireacht agus na meáin chumarsáide; riarachán. Is féidir le mic léinn a n-éiríonn go maith leo sa chúrsa seo tabhairt faoi PhD sa Nua-Ghaeilge.
Eolas faoin gCúrsa
Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas.
Sonraí Teagmhála
Stiúrthóir an Chláir An tOllamh Ruairí Ó hUiginn
Teil +353 (0)1 708 3666/3709
R-phost nua.ghaeilge@nuim.ie
Gréasán https://www.maynoothuniversity.ie/nua-ghaeilge-modern-irish
Seoladh Scoil an Léinn Cheiltigh, Ollscoil Mhá Nuad, Má Nuad, Co. Chill Dara
Struchtúr an Chúrsa
Is é aidhm an MA againn go gcuirfidh mic léinn eolas domhain ar roinnt gnéithe de theanga agus de litríocht na Nua-Ghaeilge (ó 1200 AD i leith) agus go mbeidh saineolas acu ar réimse amháin díobh sin de bharr a gcuid taighde.
Course Duration: 1 Bhliain Lánaimseartha
Riachtanais Iontrála Bunchéim Onóracha le Dara hOnóracha grád 2 (II.2) ar a laghad sa Nua-Ghaeilge agus grád II.1 ar a laghad i modúil na teanga. Bíonn agallamh i gceist mar chuid den mheasúnú iontrála. Cur isteach ar an gCéim Iarratas ar líne amháin http://www.pac.ie/maynoothuniversity Cód PAC Ba cheart an t-eolas seo a leanas a chur ar aghaidh chuig PAC D’iarrthóirí nár bhain an bhunchéim amach in Ollscoil Mhá Nuad: cóip dá dTeastas Breithe nó de Phas bailí, Tras-scríbhinn Oifigiúil agus dhá Theistiméireacht Acadúla mar thacaíocht lena n-iarratas.
MHU50 Lánaimseartha