Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint a chur ar fáil do mhic léinn i ngnéithe éagsúla de ghairm agus d'ealaín na Cumarsáide. Tabharfaidh an clár forléargas ar na príomhréimsí acadúla a bhaineann leis na meáin chumarsáide agus deiseanna praiticbhunaithe san iriseoireacht, sa scannánaíocht agus i réimsí eile na meán. Déanfar anailís chriticiúil ar na múnlaí agus ar na coinbhinsiúin a bhaineann le dearadh ábhair na meán agus pléifear treochtaí comhaimseartha na meán cumarsáide ina gcomhthéacs staire, sóisialta, cultúrtha agus teanga.
Ullmhóidh an cúrsa seo tú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na hiriseoireachta, na craoltóireachta agus na scannánaíochta nó in earnáil ghaolmhar cosúil le margaíocht agus caidreamh poiblí. Tá deiseanna ann do chéimithe an chúrsa seo aghaidh a thabhairt ar ghairm acadúil trí speisialtóireachta a fhorbairt i réimse na cumarsáide agus PhD a bhaint amach. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn iarchéimithe cumarsáide de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, tá: RTÉ TG4, BBC, Ros na Rún, Telegael, Nemeton, Abú Media agus Ollscoileanna agus institiúidí eile oideachais (m.sh. OÉG, DCU).
Tá réimse leathan modúl roghnach ar fáil ar an gcúrsa a thugann deis don mhac léinn speisialtóireacht phearsanta a dhéanamh. Ar chríochnú an chláir múinte dóibh, is féidir le mic léinn Dioplóma Iarchéime a bhaint amach (60 ECTS) nó dul ar aghaidh agus MA (90 ECTS) a bhaint amach trí thabhairt faoi thionscadal taighde féinstiúrtha. Tá an rogha ann an tionscadal féinstiúrtha a dhéanamh ar bhonn praiticbhunaithe. Tá an cúrsa seo á sheachadadh trí mheán na Gaeilge agus lonnaithe ar an gCeathrú Rua, i gcroílár thionscal na craoltóireachta Gaeilge. Déanfar iniúchadh ar na príomhthreochtaí sna meáin chumarsáide sa lá atá inniu ann agus cuirfear iad i gcomhthéacs staire, sóisialta, cultúrtha agus teanga. Gheobhaidh na mic léinn léargas ar earnáil na meán cumarsáide agus ar na cúinsí malartacha ina bhfeidhmíonn siad sa lá atá inniu ann.
Anuas air seo ar fad, tabharfar tuiscint don mhac léinn ar a bhfuil i gceist le caighdeán gairmiúil Gaeilge i réimse na cumarsáide agus a thábhacht sin dá c(h)leachtas gairmiúil féin.
Tar éis na scileanna taighde a fhoghlaim agus machnamh a dhéanamh ar cheist taighde tá rogha de chur chuige ar fáil chun tabhairt faoin tráchtas ar a mbronnfar an cháilíocht MA (Cumarsáid).
Seimeastar 1
Aeistéiticí don Scáileán; An Ghaeilge Bheo; An Scannán Faisnéise; Scriptscríbhneoireacht don Scáileán; Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde; Eiticí agus Litearthacht na Meán.
Seimeastar 2
Athshamhlú na Meán sa Ré Dhigiteach; An Lucht Féachana; 2-4 mhodúl le roghnú ón liosta thíos le go mbeidh 60 ECTS déanta faoi dheireadh an tseimeastar.
Modúil Roghnacha (20 ECTS le roghnú)
Stair na hÍomhá Beo; Iriseoireacht Imscrúdaitheach; Teicneolaíochtaí Fuaime sna Meáin; Teicneolaíochtaí na Meán; Ceird na Scríbhneoireachta; Straitéisí Léirithe.
Seimeastar 3
An Tionscal Féinstiúrtha (30 ECTS)
An Tionscadal Taighde
I gcás mic léinn ar mian leo dul ar aghaidh don cháilíocht MA tabharfaidh siad faoi thionscadal taighde nó faoi thionscal bunaithe ar phraitic sa réimse sainábhair atá roghnaithe acu. Sa chuid seo den chúrsa, cuirfear an bhéim ar na mic léinn a chumasú chun tabhairt faoi thaighde nó faoi thionscadal neamhspleách.
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu iarratas a dhéanamh faoi pholasaí na hOllscoile d’Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL). Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.
Dan Dwyer
Riarthóir na Cumarsáide
Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann Gaillimh,
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe T +353 91 595 802
Email: dan.dwyer@oegaillimh.ie
www.acadamh.ie