Beidh an teastas iarchéime 30 ECTS seo á thairiscint go páirtaimseartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag Leibhéal 9 den Chomhchreat Náisiúnta Cáilíochtaí do mhúinteoirí cáilithe ar mhian leo cur lena scileanna teanga agus ardchumas cruinnis agus úsáide teanga a shaothrú i gcomhthéacsanna teagaisc agus foghlama. Beidh sé oiriúnach d’oidí bunscoile agus iar-bhunscoile, do mhúinteoirí Gaeilge agus do mhúinteoirí atá ag teagasc ábhair trí Ghaeilge i ngaelscoileanna, i ngaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta.
Tógfaidh an cúrsa seo ar cháilíochtaí na n-oidí ionas go mbainfidh siad barr feabhais amach i dtaca lena gcumas teanga féin ach is é comhsprioc an chúrsa freisin go mbeidh an t-oide in ann straitéisí sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ag obair go muiníneach san obair laethúil a bhíonn ar bun aici/aige.
Bainfear úsáid as teicneolaíocht foghlama agus modh seachadta a éascóidh rannpháirtíocht sa chlár léinn seo agus beidh gach deis ag mic léinn an chláir a gcuid foghlama féin a bhainistiú ina gcuid ama féin.
Rachaidh an cháilíocht bhreisoiliúna seo go mór chun tairbhe rannpháirtithe ina gcuid oibre reatha agus cuirfidh an cháilíocht go mór le hinfhostaitheacht chéimithe an chúrsa freisin.
Bliain 1:
Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha I
An tAistriúchán & Téarmaíocht an tSeomra Ranga
Bliain 2:
Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha II
Tionscadal
Ach an clár seo a bheith curtha díobh ag na rannpháirtithe, beidh ar a gcumas:
Déanfar an cúrsa a reáchtáil ar bhonn na foghlama cumaisc trí mhodúil an chúrsa a sheachadadh ar líne. Beidh ceardlanna míosúla ar siúl ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh freisin. Beidh deis ag rannpháirtithe an clár a chríochnú thar dhá bhliain acadúla nó modúil aonair den chúrsa a ghlacadh in imeacht roinnt blianta agus iad a chur i dtreo na cáilíochta iomláine. (Ní mór d’iarrthóirí ríomhaire agus ceangal leathanbhanda a bheith acu chun páirt a ghlacadh sa chúrsa seo.)
Beidh measúnuithe leanúnach agus scrúdúithe le suí ag na mic léinn.
Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil bunchéim 2.2 ag leibhéal 8 acu san oideachas nó iarchéim ag leibhéal 9 san oideachas, nó iarrthóirí atá ag tabhairt faoi iarchéim san oideachas. (Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu san earnáíl oideachais iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim [RPL]).
An Dr Dorothy Ní Uigín
Riarthóir Theagasc na Gaeilge
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
T: +353 91 493 493
E: dorothy.niuigin@oegaillimh.ie